Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire...

28
ARDRÚNAÍOCHT NA COMHAIRLE SRAITH FAISNÉISE GA SEIRBHÍS TEANGA ARDRÚNAÍOCHT CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH Ag obair as Teanga a Chéile FEABHRA 2012

Transcript of Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire...

Page 1: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

AR

DR

ÚN

AÍO

CH

T N

A C

OM

HA

IRLE

SRA

ITH

FA

ISN

ÉISE

GA

SEIRBHÍS TEANGA ARDRÚNAÍOCHT CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGHAg obair as Teanga a Chéile

FEABHRA 2012

Rue de la Loi/Wetstraat 1751048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIËTeil. +32 22816111

www.consilium.europa.eu

QC-32-11-696-G

A-C

doi:10.2860/50203

Page 2: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

Tá tuilleadh faisnéise faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an Idirlíon (http://europa.eu).

Féadfar sonraí maidir le catalógú a fháil ag deireadh an fhoilseacháin seo.

ISBN 978-92-824-3638-7doi:10.2860/50203

© An tAontas Eorpach, 2012Údaraítear macasamhlú ar choinníoll go dtugtar aitheantas d'fhoinse an fhoilseacháin.

Clúdach: © Helder Almeida - Fotolia.com

Fógra

Ardrúnaíocht na Comhairle a chuireann an bróisiúr seo i láthairArd-Stiúrthóireacht A - Pearsanra agus RiarachánStiúrthóireacht 3 - Aistriúchán agus Táirgeadh Doiciméad

Ní chuirtear an bróisiúr seo ar fáil ach chun críche faisnéise.

Má tá faisnéis uait faoin gComhairle Eorpach agus faoin gComhairle, féadfaidh tú breathnú ar na láithreáin ghréasáin seo a leanas:www.european-council.europa.euwww.consilium.europa.eu

nó féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Roinn Faisnéise Poiblí in Ardrúnaíocht na Comhairle ag an seoladh seo a leanas:

Rue de la Loi/Wetstraat 175 Teil. +32 228156501048 Bruxelles/Brussel Facs +32 22814977BELGIQUE/BELGIË www.consilium.europa.eu/infopublic

CONAS TEACHT AR FHOILSEACHÁIN DE CHUID AN AE

Foilseacháin saor in aisce:• arlaithreángréasáinEUBookshop(http://bookshop.europa.eu);• óionadaíochtaínótoscaireachtaíanAontaisEorpaigh.Féadfarnasonraíteagmhálamaidir

leo a fháil ar laithreán gréasáin (http://ec.europa.eu) nó trí facs a chur chuig an uimhir seo: +352 292942758.

Foilseacháin a bhfuil praghas orthu:• arlaithreángréasáinEUBookshop(http://bookshop.europa.eu).

Sintiúis a bhfuil praghas orthu (sraitheanna bliantúla d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tuarascálacha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:• ónárngníomhairídíolacháin.Féadfarnasonraíteagmhálamaidirleoafháilarlaithreán

gréasáin (http://publications.europa.eu/others/agents/index_ga.htm).

Page 3: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

1

SEIRBHÍS TEANGA ARDRÚNAÍOCHT CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGHAg obair as Teanga a Chéile

Page 4: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

An foirgneamh ‘Lex’, mar a bhfuil Seirbhís Teanga na Comhairle lonnaithe

Page 5: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

български – español – čeština – dansk – Deutsch – eesti keel – ελληνικά – English – français – Gaeilge – italiano – latviešu valoda – lietuvių kalba – magyar – Malti – Nederlands – polski – português – română – slovenčina – slovenščina – suomi – svenska

3RÉAMHRÁ

Fáilte romhat chuig Seirbhís Teanga Chomhairle an Aontais Eorpaigh!

Tá an tAontas Eorpach (AE), eagraíocht a bhfuil 23 teanga oifigiúla1 aici,

ar an eagraíocht is ilteangaí ar domhan. Leis an líon teangacha sin, léirítear chomh héagsúil agus atá an Eoraip ó thaobh teangacha de; léirítear freisin an dualgas polaitiúil atá ar institiúidí an AE glacadh leis an éagsúlacht sin mar phrionsabal oibríochtúil, ach baineann dúshlán mór praiticiúil leis freisin. Déanann Seirbhís Teanga Ardrúnaíocht Chomhairle an AE a cion chun an dúshlán sin a shárú: trí aistriúcháin ar ardcháilíocht a chur ar fáil don Chomhairle Eorpach agus do Chomhairle an AE, agus do shaoránaigh na hEorpa, cuidíonn sí le feidhmiú an ilteangachais. In Ardrúnaíocht na Comhairle, bíonn an obair aistriúcháin dírithe den chuid is mó ar dhoiciméid bheartais agus ar reachtaíocht. Sa bhróisiúr seo gheobhaidh tú tuilleadh faisnéise faoi ghníomhaíochtaí Ardrúnaíocht na Comhairle agus faoin obair a dhéantar sa tSeirbhís Teanga.

1 Ceithre theanga is fiche nuair a rachaidh an Chróit san Aontas Eorpach an 1 Iúil 2013.

Page 6: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

4 CREAT ILTEANGACH

AONTAS ILTEANGACH

Tá an AE, eagraíocht a bhfuil 23 teanga oifigiúla aici, ar an eagraíocht is ilteangaí ar domhan, agus tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh an líon teangacha sin ag méadú le teacht Ballstát nua sna blianta amach anseo. Leagtar prionsabal an ilteangachais amach i Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 lenar cinneadh na teangacha a bhí le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, mar a ghlaoití air an tráth sin. Seo a leanas na 23 teanga oifigiúla atá ann faoi láthair: an Béarla, an Bhulgáiris, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris2.

Tá sé de cheart ag saoránaigh na hEorpa foghlaim faoin AE agus teagmháil a dhéanamh leis in aon cheann de na 23 teanga oifigiúla. Chomh maith leis sin, an chuid is mó den reachtaíocht Eorpach, cuirtear i bhfeidhm go díreach í sna Ballstáit ar fad. Chun go n-éireoidh leis sin, ní mór go mbeidh na dlíthe sin ar fáil i dteangacha na mBallstát sin. Is riachtanas bunúsach é sin don dlisteanacht dhaonlathach in Aontas a bhfuil 27 Ballstát ann agus iad éagsúil ó thaobh cultúir agus teanga de.

DÚSHLÁN MÓR PRAITICIÚIL

Leis an líon teangacha atá san AE, léirítear chomh saibhir agus atá an Eoraip i ndáil le héagsúlacht chultúrtha agus teanga, ach is dúshlán mór praiticiúil an líon teangacha sin freisin. Aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin — sin é ról na Seirbhíse Teanga. Déantar sin trí na haistriúcháin riachtanacha a chur ar fáil don Chomhairle Eorpach agus do Chomhairle an AE, agus do shaoránaigh na hEorpa sa deireadh thiar, chun go mbeifear in ann oibriú as teanga a chéile.

2 Cuirfear an Chróitis leis an liosta nuair a rachaidh an Chróit san Aontas Eor-pach an 1 Iúil 2013.

Page 7: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

Cé acu aistriúchán? Tugann an tSeirbhís Aistriúcháin tacaíocht do chaibidlí faoi chuimsiú na Comhairle Eorpaí trí dhoiciméid a chur ar fáil i ngach teanga oifigiúil. An tUachtarán Herman Van Rompuy in aice le Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel agus Príomh Aire na Slóváice, Iveta Radičová.

5AN STRUCHTÚR INSTITIÚIDEACH

DHÁ INSTITIÚID

Freastalaíonn an Ardrúnaíocht ar dhá institiúid éagsúla: an Chomhairle Eorpach agus Comhairle an AE. Is institiúidí lánfheidhme iontu féin iad an dá institiúid sin, ach tá dlúthghaol eatarthu freisin. Is í an Chomhairle Eorpach a leagann amach treoirlínte ginearálta polaitiúla an Aontais Eorpaigh, ach is feidhmeanna reachtacha agus buiséadacha atá ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, maille le feidhmeanna ceaptha beartas agus feidhmeanna comhordúcháin.

AN CHOMHAIRLE EORPACH

Bunaíodh an Chomhairle Eorpach mar institiúid neamhspleách le Conradh Liospóin (2007), agus is iad Ceannairí Stáit nó Rialtais Bhallstáit an AE na comhaltaí, maille le hUachtarán an Choimisiúin agus a hUachtarán féin. Bíonn Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála rannpháirteach chomh maith. Is Uachtarán lánaimseartha é Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus toghtar é nó í ar feadh téarma dhá bhliain go leith, téarma a fhéadtar a athnuachan uair amháin. Tagann an Chomhairle Eorpach le chéile ar a laghad ceithre huaire sa bhliain agus cuireann na meáin a lán spéise sna cruinnithe sin, ós rud é go mbíonn tionchar mór ag na cinntí a dhéantar iontu ar na treoirlínte ginearálta polaitiúla a shainítear san Aontas Eorpach.

Page 8: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

6

Tá sé de chúram ar an gComhairle Eorpach an spreagadh cuí a chur ar fáil agus treoir ghinearálta pholaitiúil agus tosaíochtaí an AE a shainiú. Eisíonn an Chomhairle ráitis thábhachtacha bheartais ach ní dhéanann sí aon reachtaíocht a achtú.Aistrítear ráitis thábhachtacha bheartais uile na Comhairle Eorpaí go dtí na teangacha oifigiúla.

COMHAIRLE AN AE

I dteannta na Parlaiminte, is páirtí an-tábhachtach í Comhairle an AE (dá dtagraítear mar Chomhairle na nAirí uaireanta) sa phlé a dhéantar ar reachtaíocht an AE agus i nglacadh na reachtaíochta sin. Déanann comhaltaí Chomhairle an AE ionadaíocht thar ceann na mBallstát. Tagann an Chomhairle le chéile níos minice ná mar a thagann an Chomhairle Eorpach, i bhfoirmíochtaí éagsúla, amhail “an Chomhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach” nó “Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais” ag brath ar an ábhar a bhíonn á phlé. Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin, agus de ghnáth is é an t-aire atá freagrach as an ábhar a bheidh á phlé a théann ann.

Is ceann de phríomhchúraimí na Comhairle é reachtaíocht an AE a ghlacadh. Eascraíonn an reachtaíocht sin den chuid is mó ó thogra ón gCoimisiún Eorpach agus glacann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa go comhpháirteach í faoin “ngnáthnós imeachta reachtach”, mar a thugtar air. Na leasuithe, agus leasuithe suntasacha iad go minic, a dhéantar ar an reachtaíocht sin agus í ag dul tríd an gComhairle, is í an tSeirbhís Teanga a aistríonn iad go dtí na teangacha oifigiúla.

Page 9: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

7

SEIRBHÍS TEANGA ARDRÚNAÍOCHT NA COMHAIRLE

Is buanchomhlacht de chuid na seirbhíse poiblí Eorpaí í Ardrúnaíocht na Comhairle, agus é de dhualgas uirthi an chomhairle agus an tacaíocht riachtanach ar fad a chur ar fáil don Chomhairle Eorpach agus do Chomhairle an AE. Tá tuairim is 3000 duine ag obair san Ardrúnaíocht. Is cuid d’Ard-Stiúrthóireacht A3 (Aistriúchán agus Táirgeadh Doiciméad) san Ardrúnaíocht í an tSeirbhís Teanga agus tá tuairim is 1000 duine d’fhoireann iomlán na hArdrúnaíochta ag obair inti.

Aistríonn an tSeirbhís Teanga na príomhdhoiciméid bheartais uile go dtí na 23 teanga oifigiúla, agus ag mórchéimeanna áirithe den nós imeachta reachtach cuirtear aistriúcháin ar fáil den chuid is mó den reachtaíocht chomh maith. Ar an gcaoi sin, beidh rochtain ag na páirtithe rannpháirteacha ar fad, ag na príomhghníomhaithe agus ag an bpobal i gcoitinne, ar mhórdhoiciméid agus ar reachtaíocht an AE sna teangacha oifigiúla. Aistríonn an tSeirbhís Teanga téacsanna do chomhlachtaí eile de chuid an AE freisin (go háirithe don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí - SEGS), mar aon le haistriúcháin a bheartaítear mar theachtaireachtaí níos ginearálta chuig an bpobal agus chuig Meithleacha iomadúla na hArdrúnaíochta, agus aistriúcháin chun freastal ar a riachtanais inmheánacha riaracháin féin. Chomh maith leis sin, aistríonn an tSeirbhís Teanga téacsanna go teangacha eile neamhoifigúla agus ó na teanga neamhoifigiúla sin. Ní chuireann an tSeirbhís Teanga seirbhísí ateangaireachta (ó bhéal) ar fáil áfach. Baineann an Ardrúnaíocht leas as seirbhísí ateangaireachta an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh ateangaireachta.

Page 10: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

8 AN tSEIRBHÍS TEANGA: FOIREANN ILTEANGACH

AISTRIÚCHÁN – CÉARD É? CONAS A DHÉANTAR AGUS CÉ A DHÉANANN?

Aistríonn Seirbhís Teanga Ardrúnaíocht na Comhairle níos mó ná 13 000 doiciméad in aghaidh na bliana, is é sin tuairim is aon mhilliún leathanach in aghaidh na bliana, gach teanga san áireamh. Aistrítear an reachtaíocht go léir, geall leis, chomh maith lena lán doiciméad tábhachtach beartais go 23 teanga oifigiúla an AE. Fós féin, ar mhaithe le héifeachtúlacht, ní aistrítear a lán doiciméad eile ar chor ar bith, nó ní aistrítear ach chuig roinnt teoranta teangacha iad. Is amhlaidh nach n-aistrítear in aon chor 70% d’iomlán na leathanach a tháirgtear don Chomhairle, ós rud é, ar mhaithe le praiticiúlacht, go n-oibríonn tromlach na Meithleacha ar bhonn téacs atá dréachtaithe in aon teanga amháin.

Oibríonn tuairim is 650 aistritheoir agus 250 ball foirne tacaíochta sa tSeirbhís Teanga, iad ag obair de lá agus, más gá sin, d’oíche, chun go mbeidh na haistriúcháin a iarrtar réidh in am. Tá 23 aonad éagsúla teanga i gceist, ceann do gach teanga oifigiúil (móide aonad eile atá á bhunú faoi láthair don Chróitis).

Chomh maith leis na haonaid teanga, tá foireann bhainistíochta sa tSeirbhís Teanga chun treoir a thabhairt, dea-chleachtas a chothú agus chun an chumarsáid agus an comhtháthú a áirithiú idir na haonaid teanga. Chun na críche sin, faigheann na bainisteoirí tacaíocht ó Chomhordaitheoir na nUirlisí Aistriúcháin Ríomhchuidithe, ó Chomhordaitheoir an Bheartais Cháilíochta, ó na Comhordaitheoirí Téarmeolaíochta agus Doiciméadúcháin, agus ó Chomhordaitheoir na dTionscnamh. Tá leabharlann na dteangacha mar chuid den tSeirbhís chomh maith, mar a bhfuil ábhar tagartha i ngach ceann de na 23 teanga oifigiúla.

Page 11: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

9

Leabharlann na dTeangacha

Is bailiúchán breise fíorluachmhar d’acmhainní d’aistritheoirí agus d’úsáideoirí eile í Leabharlann na dTeangacha, a bhfuil tuairim is 10 000 leabhar inti, lena n-áirítear foclóirí ginearálta agus speisialaithe, gluaiseanna agus saothair thagartha. Tá réimse leathan acmhainní leictreonacha sa Leabharlann chomh maith agus bailiúchán iomlán d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ó 1952 go dtí an lá inniu, agus tá síntiús aici le tuairim is 50 tréimhseachán ginearálta agus speisialaithe in a lán teangacha éagsúla.

Tá Leabharlann na dTeangacha suite ar leibhéal 7 den Lex, agus í oscailte do bhaill foirne uile an AE

Page 12: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

SN 1120/1/12 REV 1 nid/CMG/dr 11 GA

Aonad na Gearmáinise

Aonad an Bhéarla

Aonad na Bulgáiríse

Aonad na Spáinnise

Aonad na Gréigise

Aonad na Laitvise

Aonad na Portaingéilise

Aonad na Seicise

Aonad na Danmhairgise

Aonad na hEastóinise

Aonad na Fionlainnise

Aonad na Fraincise

Aonad na hUngáirise

Aonad na Máltaise

Aonad na hOllainnise

Aonad na Polainnise

Aonad na Rómáinise

Aonad na Slóivéinis

Aonad na Sualainnise

An tSeirbhís Teanga

Grúpa A Grúpa BAn Rúnaíocht

Aonad na Gaeilge

Aonad na hIodálise

Aonad na Liotuáinise

Aonad na Slóvaicise

Aonad na Cróitise

Foireann Tacaíochta don Bhainistíocht

10

Page 13: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

SN 1120/1/12 REV 1 nid/CMG/dr 12 GA

NA hAONAID TEANGA

Foireann 26 aistritheoir agus tuairim is 10 gcuntóir a bhíonn ag gach aonad teanga de ghnáth.

Bíonn a fhoireann inmheánach bhainistíochta féin ag gach aonad teanga chomh maith, ar a mbíonn

Ceann Aonaid, Rialaitheoir Cáilíochta, Bainisteoir Acmhainní, agus Comhordaitheoir a bhíonn i

bhfeighil na gcúraimí riaracháin agus dháileadh na hoibre.

AN LEAGAN AMACH SAN AONAD TEANGA

An fhoireann bhuan go léir, idir aistritheoirí agus chúntóirí, ní mór gur saoránaigh de chuid Ballstáit

den AE iad, agus bíonn orthu pas a fháil i gcomórtas oscailte a eagraíonn an Oifig Eorpach

um Roghnú Foirne - EPSO (www.epso.eu)

Ní mór d'Aistritheoirí céim ollscoile a bheith acu agus bheith go hiomlán líofa i gceann

de theangacha oifigiúla an AE (a dteanga dhúchais de ghnáth) agus ní mór dóibh ar a laghad

dhá theanga eile a bheith ar a dtoil acu. Mar riail ghinearálta, beidh siad ag aistriú téacsanna

ó theanga eile chuig a dteanga dhúchais, ach más gá sin féadfaidh siad aistriú óna dteanga dhúchais

chuig teanga eile freisin. Déanann siad idir théacsanna a aistriú agus obair a gcomhgleacaithe

a athbhreithniú mar chuid dá gcuid oibre.

Bíonn sé de chúram ar na cúntóirí tacaíocht riaracháin agus theicniúil a chomhordú agus a chur

ar fáil i ndáil le haistriú agus le hullmhú na ndoiciméad. Déanann siad téacsanna a ullmhú agus

a fhormáidiú sula ndéantar an t-aistriúchán agus an t-athbhreithniú, agus ina dhiaidh sin, cinntíonn

siad chomh maith go mbíonn na haistriúcháin deiridh ceart i ndáil le leagan amach agus i gcomhréir

leis na riachtanais theicniúla.

Ceann Aonaid

Rialaitheoir Cáilíochta Acmhainní Comhordaitheoir

Aistritheoirí agus Cúntóirí

11

NA hAONAID TEANGA

Foireann 26 aistritheoir agus tuairim is 10 gcuntóir a bhíonn ag gach aonad teanga de ghnáth.

Bíonn a fhoireann inmheánach bhainistíochta féin ag gach aonad teanga chomh maith, ar a mbíonn Ceann Aonaid, Rialaitheoir Cáilíochta, Bainisteoir Acmhainní, agus Comhordaitheoir a bhíonn i bhfeighil na gcúraimí riaracháin agus dháileadh na hoibre.

AN LEAGAN AMACH SAN AONAD TEANGA

An fhoireann bhuan go léir, idir aistritheoirí agus chúntóirí, ní mór gur saoránaigh de chuid Ballstáit den AE iad, agus bíonn orthu pas a fháil i gcomórtas oscailte a eagraíonn an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne — EPSO (www.epso.eu)

Ní mór d’Aistritheoirí céim ollscoile a bheith acu agus bheith go hiomlán líofa i gceann de theangacha oifigiúla an AE (a dteanga dhúchais de ghnáth) agus ní mór dóibh ar a laghad dhá theanga eile a bheith ar a dtoil acu. Mar riail ghinearálta, beidh siad ag aistriú téacsanna ó theanga eile chuig a dteanga dhúchais, ach más gá sin féadfaidh siad aistriú óna dteanga dhúchais chuig teanga eile freisin. Déanann siad idir théacsanna a aistriú agus obair a gcomhgleacaithe a athbhreithniú mar chuid dá gcuid oibre. Bíonn sé de chúram ar na cúntóirí tacaíocht riaracháin agus theicniúil a chomhordú agus a chur ar fáil i ndáil le haistriú agus le hullmhú na

Page 14: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

12

ndoiciméad. Déanann siad téacsanna a ullmhú agus a fhormáidiú sula ndéantar an t-aistriúchán agus an t-athbhreithniú, agus ina dhiaidh sin, cinntíonn siad chomh maith go mbíonn na haistriúcháin deiridh ceart i ndáil le leagan amach agus i gcomhréir leis na riachtanais theicniúla.

Tréimhsí Oiliúna do mhic léinn

Bíonn tuairim is 100 tréimhse oiliúna le pá agus 20 tréimhse oiliúna gan phá á dtairiscint ag Ardrúnaíocht na Comhairle gach bliain, tréimhsí oiliúna san aistriúchán sa tSeirbhís Teanga san áireamh. Ní mór gur náisiúnaigh de chuid Ballstáit den AE iad na hiarrthóirí agus caithfidh siad cáilíochtaí iar-mheánscoile a bheith acu, sin nó bheith cláraithe le haghaidh a leithéid de chúrsa faoi láthair. Ós rud é gurb iad an Fhraincis agus an Béarla na teangacha is coitianta a mbaintear úsáid astu san Ardrúnaíocht, ba cheart ceann amháin ar a laghad amháin díobh siúd a bheith ar a dtoil ag na hiarrthóirí.

PRÓISEAS AN AISTRIÚCHÁIN – Ó THÚS GO DEIREADH

Ó dheasc an dréachtóra chuig Aonad an Chomhordúcháin agus an Táirgthe

Ar an gcéad dul síos, déantar an téacs a dhréachtú — dréachtleasuithe ar reachtaíocht a bhíonn i gceist de ghnáth, iad ag teastáil do chruinniú nó do ghné eile den phróiseas cinnteoireachta, nó téacs neamhreachtach, doiciméad beartais b’fhéidir, nó preasráiteas. Is é fear nó bean tionscanta an téacs a chuireann an doiciméad ar aghaidh chuig Aonad an Chomhordúcháin agus an Táirgthe — arb é mol lárnach na ndoiciméad oifigiúla go léir san Ardrúnaíocht é. Chuige sin, baintear leas as feidhmchlár speisialta “Workflow”, trínar féidir monatóireacht agus rialú a dhéanamh ar chéimeanna éagsúla den táirgeadh agus den dáileachán. In Aonad an Chomhordúcháin agus an Táirgthe déantar leagan amach agus formáidiú

Page 15: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

13

na ndoiciméad go léir a sheiceáil, a chlárú agus a chomhadú ar fhreastalaí na Comhairle agus sa chartlann leictreonach AIS (Archive Information System). Sin tús ré an doiciméid úd mar dhoiciméad oifigiúil. Ina dhiaidh sin, seoltar ar aghaidh é sa teanga bhunaidh chuig na seolaithe ábhartha.

Ó Aonad an Chomhordúcháin chuig na hAonaid Teanga ar leith

Má iarrtar aistriúchán ar dhoiciméad, féachann an fhoireann Chomhordúcháin an bhfuil údar maith leis an iarratas sin, go háirithe i bhfianaise “bheartas na ndoiciméad lárnach” (féach thíos). Má mheastar go bhfuil údar maith leis, déantar an doiciméad a aistriú chuig na teangacha oifigiúla go léir. Féadfar téacsanna eile seachas “doiciméid lárnacha” a aistriú freisin chuig na teangacha oifigiúla go léir, nó go cuid acu, más gá sin. A luaithe a ghlactar leis an iarratas, déanann an fhoireann Chomhordúcháin amach an méid oibre a bheidh le déanamh agus socraítear spriocdháta, aimsítear na doiciméid chúlra atá riachtanach agus cuirtear isteach i gCuimhne Aistriúcháin iad (bunachar sonraí ina bhfuil abairtíní a aistríodh cheana chomh maith leis an aistriúchán a cuireadh orthu — féach thíos). Ansin, dáiltear an téacs ar na haonaid teanga, áit a dtugann an comhordaitheoir áitiúil é do chúntóir amháin nó níos mó agus/nó d’aistritheoir amháin nó níos mó (ag brath ar fhad an téacs agus a ghaire is atá an spriocdháta). I bhformhór mór na gcásanna, tugtar an téacs d’aistritheoir eile chun an t-aistriúchán a sheiceáil nó a athbhreithniú lena chinntiú go bhfuil sé ar ardchaighdeán. Baineann na haistritheoirí agus na hathbhreithneoirí leas as raon leathan uirlisí Aistriúcháin Ríomhchuidithe (CAT) agus as raon leathan uirlisí téarmeolaíocha, ar mhaithe le comhsheasmhacht agus le héifeachtúlacht agus chun cur leis an luas.

Ó na hAonaid Teanga chuig an té a bheidh á léamh

Nuair a bhíonn an t-aistriúchán agus an t-athbhreithniú críochnaithe, cinntíonn an cúntóir go bhfuil an téacs sa leagan amach a éilítear agus go bhfuil sé ag cloí leis na critéir theicniúla sula gcuireann sé an t-aistriúchán ar AIS.

Page 16: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

14

Sa tslí sin, cuirfear na haistriúcháin ar fáil dá gcríoch dheiridh: scaiptear iad go huathoibríoch, i bhfoirm leictreonach, ar na Ballstáit (.i. ar na príomhchathracha agus ar Bhuanionadaíochtaí na bpríomhchathracha sin), ar an gCoimisiún agus ar fhaighteoirí eile ad hoc trí chóras Eislín. Féadfar iad a dháileadh freisin i bhfoirm páipéir sna seomraí cruinnithe agus, i gcás doiciméad a mbíonn teacht ag an bpobal orthu, cuirfear ar fáil iad lena bhfoilsiú ar Chlár Poiblí Dhoiciméid na Comhairle.

DÚSHLÁN NA SEIRBHÍSE TEANGA: AISTRIÚCHÁIN ATÁ AR ARDCHAIGHDEÁN A SHOLÁTHAR IN AM IN 23 TEANGA

Bíonn cúrsaí casta go maith ar uairibh agus 27 Ballstát san Aontas. Is fíor sin go háirithe i gcás an phlé ar bheartas agus i gcás nósanna imeachta reachtacha. Tóg mar shampla an reachtaíocht: faoin “ngnáthnós imeachta reachtach”, is é an Coimisiún a chuireann tograí ar aghaidh le haghaidh dlíthe agus ansin pléitear na tograí sin agus leasaítear iad de réir mar is gá, agus má thagtar ar chomhaontú, glacann an Chomhairle (a dhéanann ionadaíocht ar na Ballstáit) agus Parlaimint na hEorpa (a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh na hEorpa) na tograí sin go comhpháirteach. Ag brath ar chomh casta is atá an reachtaíocht atá beartaithe agus ar chomh deacair is atá sé teacht ar chomhréiteach nó ar chomhaontú, d’fhéadfadh sé go mairfeadh an próiseas cúpla mí nó cúpla bliain. Is cúram casta é na téacsanna reachtacha sin go léir a aistriú go comhuaineach go 23 teanga oifigiúla. Ní mór na tograí, na leasuithe, na moltaí, na socruithe comhréitigh, srl. a ghabhann leo a aistriú freisin ag céimeanna áirithe tábhachtacha den phróiseas. Is scil ar leith é agus ní mór leibhéal ard comhoibrithe agus comhordúcháin san Ardrúnaíocht féin agus mórthimpeall uirthi.

Nuair a bhíonn cúrsaí casta mar sin, caithfear dul i gceann oibre mar is ceart. Leis an méadú in 2004 agus arís in 2007, tráth a tháinig 12 Bhallstát nua san iomlán chun an Aontais agus tráth a mhéadaigh líon na dteangacha oifigiúla óna 11 go 23, ba mhó ná riamh an tábhacht a bhain leis an éifeachtúlacht. Bhí dúshlán mór roimh Sheirbhís Teanga

Page 17: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

15

na hArdrúnaíochta: chun nach dtiocfadh méadú as cuimse ar na costais riaracháin, b’éigean di í féin a chur in oiriúint do na ceanglais nua aistriúcháin i dtreo is nár ghá breis foirne a earcú. Nó lena rá ar shlí eile, bheadh dhá oiread teangacha anois ann ach ní bheadh ann ach an líon céanna foirne, a bheag nó a mhór. Chun an méid sin a chur i gcrích gan baint ón tseirbhís a bhí á cur ar fáil do na saoránaigh, rinneadh dhá phríomhbheart. Ar an gcéad dul síos, lena chinntiú go ndéanfaí na hacmhainní luachmhara a dháileadh ar bhonn tosaíochta, cuireadh liosta le chéile de dhoiciméid lárnacha, agus leagadh amach na cineálacha doiciméad a bhí le haistriú mar chuid den ghnáthchleachtas, eadhon gach doiciméad a bhí dírithe ar shaoránaigh agus gach doiciméad reachtach a bhí le foilsiú san Iris Oifigiúil. Má bhí cinneadh le déanamh cibé an aistreofaí doiciméad nach raibh ar liosta na ndoiciméad lárnach, dhéanfaí an cinneadh sin cás ar chás. A bhuíochas don bheart áirithe sin, laghdaíodh go mór líon na dtéacsanna a bhí á n-aistriú chun críocha inmheánacha.

Ar an dara dul síos, rinneadh mórinfheistíocht in uirlisí don Aistriúchán Ríomhchuidithe i gcomhar le hinstitiúidí eile an AE. Chabhraigh sé sin le luas na hoibre agus chabhraigh sé freisin chun caighdeán maith aistriúcháin a chinntiú. Bhíothas ábalta an líon foirne a laghdú de réir a chéile i gcás theangacha na mBallstát sin a bhí ann le fada an lá ionas go bhféadfaí foireann nua a earcú chun doiciméid a aistriú i dteangacha na mBallstát nua.

Ar deireadh, anuas ar na bearta thuas, cuireadh béim ar leith ar fheabhas a chur ar an gcomhoibriú ar gach leibhéal, laistigh den tSeirbhís Teanga féin agus idir an tSeirbhís Teanga agus ranna eile na hArdrúnaíochta, agus idir an Ardrúnaíocht agus institiúidí eile an AE. Is é an toradh a bhí air sin, gur próiseas comhoibritheach go bunúsach é próiseas an aistriúcháin inniu in institiúidí uile an AE, agus béim ar leith ann ar obair as lámh a chéile agus ar an éifeachtúlacht.

Page 18: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

SN 1120/1/12 REV 1 fhl/CMG/dr 17 GA

COMHOIBRIÚ INMHEÁNACH SA tSEIRBHÍS TEANGA

Tá roinnt grúpaí speisialaithe agus daoine speisialaithe i gcroílár na Seirbhíse Teanga chun

tacaíocht a thabhairt do na hAonaid Teanga go léir i ngnéithe tábhachtacha de phróiseas

an aistriúcháin. Orthu sin tá na Comhordaitheoirí Téarmeolaíochta agus Doiciméadúcháin,

Comhordaitheoir na nUirlisí Aistriúcháin Ríomhchuidithe, Comhordaitheoir na dTionscnamh agus

Comhordaitheoir an Bheartais Cháilíochta, a dhéanann comhordú ar líonra na Rialaitheoirí

Cáilíochta sna haonaid teanga.

Ceannairí na SeirbhíseTeanga

Comhordaitheoir an Bheartais Cháilíochta

Comhordaitheoirí na Téarmeolaíochta agus an

Doiciméadúcháin

Comhordaitheoir nanUirlisí CAT

Comhordaitheoir nadTionscnamh

Leabharlann na dTeangacha

Na Rialaitheoirí Cáilíochta i mbun oibre: dhá chruinniú acu in aghaidh na seachtaine

16

COMHOIBRIÚ INMHEÁNACH SA tSEIRBHÍS TEANGA

Tá roinnt grúpaí speisialaithe agus daoine speisialaithe i gcroílár na Seirbhíse Teanga chun tacaíocht a thabhairt do na hAonaid Teanga go léir i ngnéithe tábhachtacha de phróiseas an aistriúcháin. Orthu sin tá na Comhordaitheoirí Téarmeolaíochta agus Doiciméadúcháin, Comhordaitheoir na nUirlisí Aistriúcháin Ríomhchuidithe, Comhordaitheoir na dTionscnamh agus Comhordaitheoir an Bheartais Cháilíochta, a dhéanann comhordú ar líonra na Rialaitheoirí Cáilíochta sna haonaid teanga.

Comhordaitheoir an Bheartais Cháilíochta

Tar éis an mhéadaithe a tháinig ar an Aontas in 2004, dhréachtaigh an tSeirbhís Teanga beartas cáilíochta, agus in 2006 ceapadh Comhordaitheoir an Bheartais Cháilíochta lena chinntiú go mbeadh na haistriúcháin ar ardchaighdeán i gcónaí, a inneoin chastacht mhéadaitheach na gcúinsí. Is é ról Chomhordaitheoir an Bheartais Cháilíochta comhairle a chur ar bhainisteoirí na Seirbhíse Teanga maidir le ceisteanna a bhaineann le cáilíocht an aistriúcháin agus a bheith mar phointe teagmhála, go hinmheánach agus ar bhonn idirinstitiúideach, ó

Page 19: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

17

thaobh rialú na cáilíochta de. Is é a threoraíonn agus a chomhordaíonn gníomhaíochtaí na rialaitheoirí cáilíochta sna haonaid teanga. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach bróisiúr na hArdrúnaíochta dar teideal Quality Assurance at the Council’s Translation Department.

Na Comhordaitheoirí Téarmeolaíochta agus Doiciméadúcháin

Tá sé ríthábhachtach ó thaobh na cáilíochta de go mbeadh téarmaí ag teacht le chéile, ní amháin síos trí dhoiciméad aonair ach i gcás sraith de dhoiciméid atá bainteach le chéile. Is cabhair mhór iad na teicneolaíochtaí nua-aimseartha chun an chomhsheasmhacht sin a bhaint amach agus chun dlús a chur leis an bpróiseas. Treoraíonn agus comhordaíonn na Comhordaitheoirí Téarmeolaíochta agus Doiciméadúcháin an obair théarmeolaíochta sna haonaid go léir, rud a chuireann le cáilíocht agus le luas na hoibre. Is é an bunachar sonraí idirinstitiúideach don téarmeolaíocht, IATE, an uirlis is mó a mbaintear leas aisti chun críche na téarmeolaíochta san Aontas Eorpach.

IATE

Ceann de na torthaí is feiceálaí a bhí ar an gcomhoibriú idirinstitiúideach go dtí seo is ea an bunachar sonraí téarmeo-laíochta IATE [InterActive Terminology for Europe] - bunachar sonraí téarmeolaíochta atá ar fáil d’institiúidí uile an AE. Tá os cionn 8 milliún téarma ann, lena n-áirítear giorrúcháin agus frásaí caighdeánacha, rud a fhágann gurb é IATE an bunachar sonraí téarmeolaíochta is mó ar domhan. Tá idir théarmaí teicniúla, logainmneacha, ainmneacha eagraíochtaí agus com-hlachtaí oifigiúla, giorrúcháin agus acrainmneacha ann, chomh maith le faisnéis bhreise atá úsáideach, amhail sainmhínithe agus nótaí maidir le húsáid na dtéarmaí sna teangacha oifigiúla go léir. Cuirtear téarmaí nua leis gach lá agus tugtar an bunachar sonraí chun dáta go mion minic i gcomhréir leis an bhforbairt a thagann ar théarmaí agus leis an aiseolas a fhaightear ó na saine-olaithe. Tá IATE ar fáil freisin don phobal ar http://iate.europa.eu

Page 20: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

18

Comhordaitheoir na nUirlisí Aistriúcháin Ríomhchuidithe

Is féidir le Comhordaitheoir na nUirlisí Aistriúcháin Ríomhchuidithe tarraingt ar fhoireann aistritheoirí agus cúntóirí a bhíonn ar iasacht chuige ó na haonaid teanga. Tá sé mar chúram orthu cabhrú chun uirlisí an aistriúcháin ríomhchuidithe a chur chun feidhme, chun uirlisí agus feidhmchláir a thástáil, chun oiliúint, faisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil d’úsáideoirí, chun doiciméadúchán d’úsáideoirí a dhréachtú agus chun dea-chleachtais a scaipeadh, agus é mar chuspóir ginearálta ag an méid seo ar fad cur leis an táirgiúlacht. Bíonn cruinnithe rialta ag an gComhordaitheoir le hionadaithe ranna lóistíochta agus ríomhairí na hArdrúnaíochta.

Comhordaitheoir na dTionscnamh

Is é an ról atá ag Comhordaitheoir na dTionscnamh tionscnaimh thrase-arnálacha a fhorbairt agus a leanúint, lena n-áirítear oiliúint speisialaithe ó thaobh teanga agus ábhair de, agus sainghrúpaí d’aistritheoirí spei-sialaithe a chur le chéile i roinnt de phríomhréimsí gníomhaíochta na Comhairle (eacnamaíocht agus airgeadais, ceartas agus gnóthaí baile, cosaint, agus an comhshaol). Tugtar aghaidh ar thionscnaimh ar leithligh freisin, amhail an beartas eirgeanamaíochta agus beartas na hoifige glaise a fhorbairt d’fhonn dálaí iomchuí oibre a áirithiú.

Page 21: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

19

COMHOIBRIÚ IDIR AN tSEIRBHÍS TEANGA AGUS RANNA EILE DEN ARDRÚNAÍOCHT

An tSeirbhís Dlí

Is í an Stiúrthóireacht um “Cháilíocht na Reachtaíochta”, ar cuid í de Sheirbhís Dlí na Comhairle, a dhéanann cáilíocht dhlíthiúil na leaganacha de théacsanna reachtacha a áirithiú sna teangacha ar fad. Déantar an obair sin ar bhonn na n-aistriúchán a chuireann an tSeirbhís Teanga ar fáil, agus bíonn dlúth-chomhoibriú i gceist. Féachann an Stiúrthóireacht um Cháilíocht na Reachtaíochta chuige go bhfuil na gníomhartha dlíthiúla go léir atá le foilsiú san Iris Oifigiúil foirmlithe i gceart, agus go leantar na prionsabail chéanna maidir le cur i láthair agus dréachtú dlíthiúil iontu.

Oiliúint

Comhoibríonn an tSeirbhís Teanga, go minic trí mheán Chomhordai-theoir na dTionscnamh agus tríd na sainghrúpaí speisialaithe aistriúcháin, leis an Aonad Foghlama agus Forbartha d’fhonn réimse leathan oiliúna a chur ar fáil dá haistritheoirí agus dá cúntóirí, oiliúint atá dírithe ar bharr feabhais a chur ar a n-inniúlacht ghairmiúil agus dírithe freisin ar chur leis an sásamh a bhaineann siad as a gcuid oibre. Ar an oiliúint sin, áirítear oiliúint teanga, ceardlanna teicniúla, oiliúint i dtaobh sainábhar, agus cainteanna agus léachtaí faoi bheartais agus réimsí gníomhaíochta an AE, á gcur i dtoll a chéile ag oifigigh na hArdrúnaíochta go minic.

An Dréachtú Soiléir

Tá éifeacht ríthábhachtach ag cáilíocht an bhuntéacs ar cháilíocht an aistriúcháin. I gcomhthéacs ilchultúrtha, is minic duine nach cainteoir dúchais é de chuid na teanga ag dréachtú an bhuntéacs. Dá bharr sin, cuireann an tSeirbhís Teanga seirbhís roghnach eagarthóireachta ar fáil dóibh siúd a mbíonn orthu téacs a scríobh in aon cheann de theangacha oifigiúla an AE. Ar ndóigh, is iad an Béarla agus an Fhraincis is mó a mbíonn éileamh orthu, ós iadsan na teangacha is mó ina ndréachtaítear.

Page 22: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

20

COMHOIBRIÚ IDIR INSTITIÚIDÍ

Earcaíocht

Maidir lena riachtanais earcaíochta, tá an tSeirbhís Teanga, fearacht chomhlachtaí agus institiúidí eile an AE, ag brath ar an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO), a mbíonn comórtais oscailte á n-eagrú go rialta acu chun aistritheoirí agus cúntóirí a earcú (http://europa.eu/epso).

Forbairt Uirlisí

An-chuid de na huirlisí aistriúcháin ríomhchuidithe agus téarmeolaíochta a úsáidtear gach lá sa tSeirbhís Teanga, is mar thoradh ar an gcomhoibriú idirinstitiúideach a forbraíodh iad. Ó 1995 i leith, tá an comhoibriú sin i bhforbairt na n-uirlisí á stiúradh ag an gCoiste Idirinstitiúideach don Aistriúchán agus don Ateangaireacht (ICTI), coiste a bunaíodh chun sineirgí agus barainneachtaí scála a thapú.

Chomh maith leis an mbunachar sonraí idirinstitiúideach don téarmeo-laíocht, IATE, áirítear ar na príomhuirlisí a forbraíodh iad seo a leanas:

Bogearraí Cuimhne Aistriúcháin

• Bogearraídonaistriúchánríomhchuidithe — ag baint úsáide as Cuimhní Aistriúcháin a cruthaíodh le haistriúcháin ábhartha a rinneadh cheana, úsáidtear bogearraí tráchtála mar chomhéadan tosaigh, is é sin le rá, mar chomhéadan d’úsáideoirí, agus iad curtha in oiriúint chun cuspóirí na Seirbhíse Teanga.

Page 23: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

Ceaptar foirne aistritheoirí de chuid na Seirbhíse Aistriúcháin, idir fhoirne lae agus oíche, chun torthaí na gcruinnithe mullaigh a aistriú.

21

• EURAMIS[EuropeanAdvancedMultilingualInformationSystem]— cuimhne aistriúcháin idirinstitiúideach an AE, ina bhfuil gach doiciméad a aistríodh le Bogearraí Cuimhne Aistriúcháin sna hinstitiúidí ar fad. Ós rud é nár ceapadh na bogearraí tráchtála sin chun freastal ar riachtanais aistriúcháin mhórscála, ar nós riachtanais institiúidí an AE, forbraíodh EURAMIS mar “chúltaca” do chomhéadan na n-úsáideoirí.

Page 24: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

Herman Van Rompuy, uachtarán na Comhairle Eorpaí, ag seastán na Seirbhíse Aistriúcháin ar lá oscailte na Comhairle.

22

Uirlisí don Chumarsáid agus do Roinnt na Faisnéise

• ELISE[EuropeanInstitutionsLinguisticInformationStorageand Exchange] — agus téacs ar a chamchuairt tríd na hinstitúidí (i gcomhréir leis an bpróiséas reachtach ábhartha), cuireann an bunachar sonraí idirinstitiúideach ELISE ar chumas iad siúd ar fad atá bainteach leis an téacs, faisnéis a roinnt maidir le ceisteanna friotail ann (mar shampla pointí téarmaíochta, míniúcháin, agus tuairimí ó shaineolaithe a ndeachthas i gcomhairle leo).

Uirlisí don Téarmaíocht agus don Doiciméadúchán

• QUEST—uirlis idirinstitiúideachchunmeiteachuardachadhéanamh, trínar féidir le haistritheoirí roinnt foinsí a chuardach gan ach an t-aon chliceáil amháin a dhéanamh.

• EUR-LEX—anbunacharsonraíar línedereachtaíochtaguscásdlí uile an AE (atá ar fáil don phobal freisin ar http://eur-lex.europa.eu).

Page 25: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

23CONCLÚID

Is é is aidhm don bhróisiúir seo cur síos ginearálta a thabhairt duit ar an obair atá á déanamh ag Seirbhís Teanga Ardrúnaíocht na Comhairle agus ar an ról atá aici agus í ag tacú leis an gComhairle Eorpach agus le Comhairle an AE. Le hobair na Seirbhíse Teanga, cabhraítear chun beartas an ilteangachais sa AE a chur i bhfeidhm, is é sin le rá: bítear in ann oibriú as teanga a chéile, rud ar bunchloch é i bhfeidhmiú rathúil phróiseas reachtach an AE. Le 27 Ballstát agus 23 teanga oifigiúla (faoi láthair), ní beag an dúshlán é na haistriúcháin ar ardchaighdeán a sholáthar de réir na spriocdhátaí práinneacha. Tá éirithe leis an tSeirbhís Teanga aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin agus tá ag éirí léi i gcónaí, tríd an leas is fearr is féidir a bhaint as scileanna agus oiliúint na foirne, ach chomh maith leis sin, trí chur chuige loighciúil, éifeachtúil, agus tríd an gcomhoibriú gníomhach a dhéantar sa tSeirbhís Teanga í féin agus mórthimpeall uirthi. Le hobair seo na Seirbhíse Teanga, tugtar rochtain do shaoránaigh na hEorpa ar na beartais agus ar an reachtaíocht atá i gcroílár na hEorpa, agus sin i ngach aon cheann de theangacha oifigiúla an AE.

Page 26: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

Ardrúnaíocht na Comhairle

SEIRBHÍS AISTRIÚCHÁIN ARDRÚNAÍOCHT CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGHAg obair as Teanga a Chéile

2012 – 23 pp. – 14,8 x 21 cm

ISBN 978-92-824-3638-7doi:10.2860/50203

Page 27: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

Tá tuilleadh faisnéise faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an Idirlíon (http://europa.eu).

Féadfar sonraí maidir le catalógú a fháil ag deireadh an fhoilseacháin seo.

ISBN 978-92-824-3638-7doi:10.2860/50203

© An tAontas Eorpach, 2012Údaraítear macasamhlú ar choinníoll go dtugtar aitheantas d'fhoinse an fhoilseacháin.

Clúdach: © Helder Almeida - Fotolia.com

Fógra

Ardrúnaíocht na Comhairle a chuireann an bróisiúr seo i láthairArd-Stiúrthóireacht A - Pearsanra agus RiarachánStiúrthóireacht 3 - Aistriúchán agus Táirgeadh Doiciméad

Ní chuirtear an bróisiúr seo ar fáil ach chun críche faisnéise.

Má tá faisnéis uait faoin gComhairle Eorpach agus faoin gComhairle, féadfaidh tú breathnú ar na láithreáin ghréasáin seo a leanas:www.european-council.europa.euwww.consilium.europa.eu

nó féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Roinn Faisnéise Poiblí in Ardrúnaíocht na Comhairle ag an seoladh seo a leanas:

Rue de la Loi/Wetstraat 175 Teil. +32 228156501048 Bruxelles/Brussel Facs +32 22814977BELGIQUE/BELGIË www.consilium.europa.eu/infopublic

CONAS TEACHT AR FHOILSEACHÁIN DE CHUID AN AE

Foilseacháin saor in aisce:• arlaithreángréasáinEUBookshop(http://bookshop.europa.eu);• óionadaíochtaínótoscaireachtaíanAontaisEorpaigh.Féadfarnasonraíteagmhálamaidir

leo a fháil ar laithreán gréasáin (http://ec.europa.eu) nó trí facs a chur chuig an uimhir seo: +352 292942758.

Foilseacháin a bhfuil praghas orthu:• arlaithreángréasáinEUBookshop(http://bookshop.europa.eu).

Sintiúis a bhfuil praghas orthu (sraitheanna bliantúla d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tuarascálacha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:• ónárngníomhairídíolacháin.Féadfarnasonraíteagmhálamaidirleoafháilarlaithreán

gréasáin (http://publications.europa.eu/others/agents/index_ga.htm).

Page 28: Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel ...Rue de la Loi/Wetstraat 175 ... Beidh aire amháin as gach rialtas náisiúnta de chuid an AE i láthair ag na cruinnithe sin,

AR

DR

ÚN

AÍO

CH

T N

A C

OM

HA

IRLE

SRA

ITH

FA

ISN

ÉISE

GA

SEIRBHÍS TEANGA ARDRÚNAÍOCHT CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGHAg obair as Teanga a Chéile

FEABHRA 2012

Rue de la Loi/Wetstraat 1751048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIËTeil. +32 22816111

www.consilium.europa.eu

QC-32-11-696-G

A-C

doi:10.2860/50203